- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main, 11 Meán Fómhair 2025
Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an boilsciú thart ar ár sprioc mheántéarmach a dó faoin gcéad faoi láthair agus is beag athrú atá tagtha ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe.
I meastacháin nua fhoireann BCE tugtar léargas ar an mboilsciú atá cosúil lena raibh i meastacháin mhí an Mheithimh. Síleann siad go mbeidh boilsciú foriomlán 2.1 faoin gcéad ar an meán ann in 2025, 1.7 faoin gcéad in 2026 agus 1.9 faoin gcéad in 2027. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh ná bia a chur san áireamh, measann siad gur 2.4 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2025, 1.9 faoin gcéad in 2026 agus 1.8 faoin gcéad in 2027. Meastar go dtiocfaidh fás 1.2 faoin gcéad ar an ngeilleagar in 2025, ráta ardaithe ón ráta 0.9 faoin gcéad a bhí á thuar i mí an Mheithimh. Tá an meastachán fáis le haghaidh 2026 beagán níos ísle anois, ag 1.0 faoin gcéad, agus tá an meastachán le haghaidh 2027 gan athrú ag 1.3 faoin gcéad.
Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Tháinig fás 0.7 faoin gcéad ar an ngeilleagar i dtéarmaí carnacha sa chéad leath den bhliain, mar gheall ar an athléimneacht san éileamh intíre. Sa phatrún ráithiúil léiríodh fás níos láidre sa chéad ráithe agus fás níos laige sa dara ráithe; cuid den chúis a bhí leis sin go ndearnadh tús-ualú sa trádáil idirnáisiúnta sa tréimhse thosaigh, roimh na méaduithe taraifí a rabhthas ag dréim leo, agus ansin gur aisiompaíodh an éifeacht sin.
Tugann táscairí suirbhé le fios go bhfuil an mhonaraíocht agus seirbhísí araon ag fás go fóill, rud a thugann le fios go bhfuil roinnt móiminteam foluiteach dearfach sa gheilleagar. Fiú má tá an t-éileamh ar shaothar ag éirí níos boige, tá spreacadh fós sa mhargadh saothair, agus ráta dífhostaíochta 6.2 faoin gcéad ann i mí Iúil. Le himeacht ama, ba cheart go gcuirfeadh sé sin borradh faoi chaiteachas na dtomhaltóirí, go háirithe más rud é, mar atá á thuar sna meastacháin foirne, go ndéanfaidh daoine níos lú dá n-ioncam a choigilt. Ba cheart go mbainfeadh caiteachas agus infheistíocht tomhaltóirí tairbhe as dálaí maoiniúcháin níos fabhraí de thoradh na laghduithe a chuireamar ar an ráta úis roimhe seo. Ba cheart caiteachas substaintiúil na rialtas ar bhonneagar agus ar chosaint a bheith mar bhonn taca leis an infheistíocht freisin.
Meastar go mbeidh de thoradh ar tharaifí níos airde, ar euro níos láidre agus ar iomaíocht dhomhanda mhéadaithe go gcuirfear srian leis an bhfás as seo go deireadh na bliana. Mar sin féin, ba cheart go rachadh éifeacht na srianta sin ar an bhfás i léig an bhliain seo chugainn. Cé gur tháinig laghdú éigin ar an éiginneacht de bharr na gcomhaontuithe trádála a rinneadh le déanaí, ní bheidh tionchar foriomlán an athraithe ar thimpeallacht an bheartais dhomhanda le feiceáil go soiléir go ceann tamaill.
Measann an Chomhairle Rialaithe go bhfuil sé ríthábhachtach an limistéar euro agus an geilleagar a ghabhann leis a neartú go práinneach sa timpeallacht gheopholaitiúil atá i dtreis faoi láthair. De thoradh beartais fhioscacha agus struchtúracha ba cheart go mbeadh an geilleagar níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Agus bliain caite ó eisíodh tuarascáil Mario Draghi maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa, tá sé ríthábhachtach i gcónaí obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na tuarascála sin trí ghníomhaíocht nithiúil bhreise a dhéanamh agus dlús a chur leis an gcur chun feidhme, i gcomhréir le treochlár an Choimisiúin Eorpaigh. Ba cheart do na rialtais tús áite a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha agus d’infheistíocht straitéiseach lena gcothaítear fás, agus airgeadas poiblí inbhuanaithe á áirithiú acu ag an am céanna. Is den ríthábhacht é an t-aontas coigiltis agus infheistíochtaí agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach, agus go gcuirfí ar bun go pras an creat reachtach chun euro digiteach a thabhairt isteach.
Boilsciú
Tá an boilsciú bliantúil fós gar dár sprioc, agus é ag ardú de bheagán go 2.1 faoin gcéad i mí Lúnasa ó 2.0 faoin gcéad i mí Iúil. Bhí an boilsciú praghsanna fuinnimh ag ráta -1.9 faoin gcéad, tar éis ráta -2.4 faoin gcéad i mí Iúil, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú praghsanna bia go 3.2 faoin gcéad ó 3.3 faoin gcéad. D’fhan an boilsciú, gan fuinneamh agus bia chur san áireamh, seasmhach ag 2.3 faoin gcéad. Tháinig laghdú beag ar an mboilsciú seirbhísí go 3.1 faoin gcéad, ó 3.2 faoin gcéad i mí Iúil, agus d’fhan an boilsciú earraí gan athrú ag 0.8 faoin gcéad.
Tá táscairí an bhoilscithe fholuitigh i gcomhréir tríd is tríd go fóill lenár sprioc mheántéarmach, is é sin a dó faoin gcéad. Ba é 3.9 faoin gcéad an fás bliain ar bhliain ar chúiteamh in aghaidh an fhostaí sa dara ráithe, laghdú ó 4.0 faoin gcéad sa ráithe roimhe sin agus ó 4.8 faoin gcéad sa dara ráithe den bhliain seo caite. Tugann táscairí réamhbhreathnaitheacha, lena n-áirítear rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá, le fios go maolóidh an fás pá a thuilleadh. Chomh maith le gnóthachain táirgiúlachta, cuideoidh sé sin le srian a choinneáil ar bhrúnna praghsanna intíre, fiú agus brabúis ag téarnamh ó leibhéil ísle.
Ag féachaint chun cinn, feictear sna meastacháin foirne go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú bia ó 2.9 faoin gcéad in 2025 go 2.3 faoin gcéad in 2026 agus in 2027. Meastar go bhfanfaidh an boilsciú praghsanna fuinnimh luaineach, ach go dtiocfaidh méadú air i gcaitheamh na tréimhse réamh-mheasta, i bpáirt mar gheall ar thús Chóras Trádála Astaíochtaí 2 an Aontais in 2027. Meastar go dtitfidh an boilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh ó 2.4 faoin gcéad in 2025 go 1.9 faoin gcéad in 2026 agus go 1.8 faoin gcéad in 2027, de bharr an euro a bheith níos láidre agus brúnna costais saothair a bheith ag laghdú.
De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.
Measúnú riosca
Tá cothromaíocht níos mó ann anois maidir leis na rioscaí don fhás eacnamaíoch. Cé gur maolaíodh an éiginnteacht de thoradh na gcomhaontuithe trádála a rinneadh le déanaí, dá rachadh na caidrimh thrádála in olcas arís tá an baol ann go ndéanfaí onnmhairí a lagú tuilleadh agus go dtiocfadh laghdú ar infheistíocht agus ar thomhaltas. D’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte, col riosca níos mó agus fás níos laige a bheith mar thoradh ar mheathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choinbhleacht thragóideach sa Mheánoirthear. Os a choinne sin, chuirfeadh caiteachas ar chúrsaí cosanta agus bonneagair, de bhreis ar an méid a rabhthas ag dréim leis, mar aon le hathchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta, leis an bhfás. D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar neartú muiníne i measc an lucht gnó go gcuirfí borradh faoin infheistíocht phríobháideach. D’fhéadfaí an meon a neartú freisin agus gníomhaíocht a spreagadh dá dtiocfadh laghdú ar an teannas geopholaitiúil, nó dá réiteofaí na díospóidí trádála atá fágtha ar luas níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis.
Go fóill féin tá an t-ionchas maidir leis an mboilsciú níos éiginnte ná mar is gnách, toisc go bhfuil an timpeallacht beartais trádála dhomhanda fós luaineach. De bharr euro níos láidre d’fhéadfadh laghdú níos mó ná mar a bhí tuartha teacht ar an mboilsciú. Anuas air sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle má bhíonn éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí níos airde agus má spreagtar tíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu a n-onnmhairí chuig an limistéar euro a mhéadú tuilleadh. D’fhéadfadh luaineacht agus col riosca níos mó sna margaí airgeadais a bheith mar thoradh ar theannais trádála, rud a chuirfeadh isteach ar éileamh intíre agus a laghdódh an boilsciú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde dá mbeadh de thoradh ar ilroinnt na slabhraí soláthair domhanda go n-ardófaí praghsanna allmhairí agus go ngéarófaí ar na srianta acmhainneachta sa gheilleagar intíre. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur freisin leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Ó bhí an cruinniú deireanach againn, tá méadú tagtha ar rátaí gearrthéarmacha an mhargaidh, agus is beag athrú atá tagtha ar na rátaí níos fadtéarmaí. Mar sin féin, lean ísliú na gcostas iasachtaíochta corparáidí i mí Iúil mar thoradh ar na ciorruithe ar an ráta úis a rinneamar roimhe seo. Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 3.5 faoin gcéad i mí Iúil, anuas ó 3.6 faoin gcéad i mí an Mheithimh. Níor tháinig aon athrú ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint agus é ag 3.5 faoin gcéad. Tháinig méadú 2.8 faoin gcéad ar iasachtaí do ghnólachtaí, beagán níos láidre ná mar a bhí i mí an Mheithimh, agus d’ardaigh an fás in eisiúint na mbannaí corparáideacha go 4.1 faoin gcéad ó 3.4 faoin gcéad. Arís eile, d’fhan an meánráta úis ar mhorgáistí nua ag 3.3 faoin gcéad i mí Iúil, agus tháinig méadú ar an bhfás ar iasachtú morgáiste go 2.4 faoin gcéad, ó 2.2 faoin gcéad.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa