Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad a bheadh i gceist leis an euro digiteach?

Is foirm dhigiteach airgid thirim a bheadh in euro digiteach: modh leictreonach íocaíochta miondíola eisithe againn, an Banc Ceannais Eorpach. Mar sin, bheadh sé ar fáil saor in aisce do gach duine sa limistéar euro, le haghaidh aon íocaíochtaí digiteacha. Tá an euro digiteach á dhearadh le bheith cuimsitheach agus éasca le húsáid, rud lena n‑áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár.

Sa lá atá inniu ann, níl teacht ag daoine ar airgead a eisítear ón mbanc ceannais i bhfoirm dhigiteach. Inár sochaí atá ag éirí níos digitithe de réir a chéile, bheadh an euro digiteach ar an gcéad chéim eile chun cinn dár n-airgeadra aonair.

Príomhghnéithe

Airgead tirim digiteach

D’fhéadfaí an euro digiteach a úsáid le haghaidh do chuid íocaíochtaí digiteacha ar fad, díreach mar is féidir le hairgead tirim íocaíochtaí fisiciúla a dhéanamh. Chuirfeadh sé bealach eile ar fáil chun íoc i siopaí nó i siopaí ar líne, nó airgead a sheoladh chuig cairde agus teaghlaigh.

Glacadh uile-Eorpach

Bheadh tú in ann euro digiteach a úsáid le haghaidh siopa nó ceannaí ar bith sa limistéar euro a ghlacann le híocaíochtaí digiteacha.

Saor in aisce

Bheadh gach duine sa limistéar euro in ann íoc leis an euro digiteach saor in aisce, díreach cosúil le nótaí bainc agus boinn.

Ar fáil as líne

Ní bheadh ceangal idirlín de dhíth ort. Bheadh tú fós in ann d’íocaíochtaí a dhéanamh – áit ar bith, am ar bith.

Slán agus príobháideach

Ní bheadh an Banc Ceannais Eorpach ná an tEurochóras in ann a aithint cé thú féin nó cad atá á cheannach agat ó na sonraí íocaíochta a fhaighimid. Thairis sin, le feidhmiúlacht as líne an euro dhigitigh, bheadh leibhéal príobháideachais agat atá inchomparáide le hairgead tirim.

Luach ráthaithe

Euro is ea euro, agus is amhlaidh a bheidh i gcónaí. Bheadh an luach céanna i gcónaí ag euro digiteach amháin is a bheadh ag bonn €1.

Cuimsitheach

Dearfar an euro digiteach chun freastal ar riachtanais gach duine. Lenár dtaighde úsáideora, táimid ag éisteacht le muintir na hEorpa, ag bailiú sonraí agus léargais a cabhróidh le euro digiteach atá cuimsitheach a mhúnlú.

Nuálach

Táimid ag comhoibriú leis na hearnálacha príobháideacha agus poiblí chun smaointe nua a thástáil, gnéithe nuálacha a fhorbairt agus réitigh phraiticiúla a sholáthar do chásanna íocaíochta fíorshaoil. Leis an euro digiteach, d’fhéadfaí tuilleadh roghanna agus áisiúlacht níos mó a thairiscint do dhaoine, rud a rannchuideoidh le rath comhlachtaí agus nuálaíocht a chur chun cinn ar fud na hEorpa.

Ní cripteashócmhainn eile a bheadh ann

Ní bheadh an euro digiteach ina chripteashócmhainn. Ní thacaíonn institiúid lárnach le cripteashócmhainn agus ní bhainistíonn institiúid lárnach iad, rud a fhágann go bhfuil riosca ag baint leo agus go bhfuil siad éagobhsaí. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh tú in ann do chripteashócmhainní a mhalartú le haghaidh airgead tirim nuair a bhíonn gá agat leis.

Ina ionad sin, thacódh an institiúid chéanna a thacaíonn le do chuid airgid - muide, an Banc Ceannais Eorpach, leis an euro digiteach. Agus díreach cosúil le hairgead tirim, bheadh luach a aghaidhluacha i gcónaí aige. 

FÉACH FREISIN

Ábhar léitheoireachta ar an euro digiteach

Sracfhéachaint:

Achoimre aon leathanaigh

Go hachomair:

Bróisiúr

Gach leathanach sa rannóg seo