Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth a bhfuil an euro digiteach ag teastáil uainn?

Chaomhnódh an euro digiteach, mar aon le hairgead tirim, saoirse daoine an rogha íocaíochta a dhéanamh.


Tá athrú tapa ag teacht ar an gcaoi a n-íocann daoine: déantar níos mó ná leath d’íocaíochtaí miondíola ar líne agus tá méadú ag teacht ar shiopadóireacht ar líne. Chuirfeadh an euro digiteach rogha nua íocaíochta ar fáil, rud a thabharfadh rogha do chách sa limistéar euro airgead bainc ceannais a úsáid i bhfoirm fhisiceach agus dhigiteach araon.

Leis an euro digiteach, bheadh airgead bainc ceannais ar fáil d’íocaíochtaí, rud a thabharfadh an euro isteach sa ré dhigiteach agus a chomhlánódh airgead tirim. Tacódh sé le cuimsiú airgeadais, chosnódh sé príobháideachas, agus dhéanfadh sé íocaíochtaí níos éasca agus níos sláine do chách. Sin an fáth a bhfuil muid ag ullmhú go teicniúil don bhféidearthacht an euro digiteach a eisiúint tar éis ghlacadh na reachtaíochta ábhartha.

Ag an am céanna, táimid tiomanta i gcónaí a chinntiú go leanfar de bheith ag glacadh le hairgead tirim i ngach áit sa limistéar euro freisin.

Cén tábhacht a bheadh ag an euro digiteach duitse – agus don limistéar euro?

Tá an euro digiteach deartha chun freastal ar na riachtanais athraitheacha atá ag daoine, gnólachtaí agus an geilleagar – agus is seo an tábhacht a bhaineann leis.

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Forbairt an airgid

Tá digitiú á dhéanamh ar go leor gnéithe sa saol anois, agus ní haon eisceacht airgead. Leanfaidh airgead tirim de bheith ina rogha íocaíochta; ní thiocfaidh aon rud ina áit. Ag an am céanna, chun a chinntiú go mbeidh ár n-airgeadra slán i gcónaí amach anseo, ní mór é a fhorbairt i gcomhréir le roghanna íocaíochta na ndaoine. Cosúil le hairgead tirim sa lá atá inniu ann, thabharfadh an euro digiteach cuimsitheacht agus príobháideachas sa ré dhigiteach.

An saol a dhéanamh níos éasca

Dhéanfadh an euro digiteach an saol níos éasca dúinn trí rogha a thabhairt dúinn íoc le modh slán íocaíochta a nglactar leis go huilíoch ar fud an limistéir euro. Cosúil le hairgead tirim, bheadh sé saor in aisce do gach duine sa limistéar euro íoc le euro digiteach.

Eoraip níos láidre

D’fhágfadh an euro digiteach go mbeadh an limistéar euro níos láidre. Laghdódh sé spleáchas an limistéir euro ar sholáthraithe neamh-Eorpacha, cabhródh sé le timpeallacht ilroinnte íocaíochtaí a aontú, agus tacódh sé le nuálaíocht agus iomaíocht. Tá an euro digiteach deartha chun rochtain a thabhairt do chách sa limistéar euro ar rogha phoiblí íocaíochta digití atá slán agus athléimneach – le tacaíocht ó BCE agus ar fáil in éineacht le hairgead tirim.

Céard is airgead bainc ceannais ann — agus cén fáth ar chúis linn í?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Céard is airgead bainc ceannais ann?

Glaoitear airgead bainc ceannais ar an airgead a chruthaímid sa Bhanc Ceannais Eorpach. Airgead bainc ceannais is ea an t-airgead atá i do sparán nó i do phóca. Is é an t-airgead tirim an t-aon chineál airgid bainc ceannais a bhfuil fáil ag an bpobal air. Glaoitear airgead poiblí air freisin toisc gur institiúid phoiblí a eisíonn é – an banc ceannais – agus go dtugann an earnáil phoiblí sa limistéar euro ráthaíocht dó.

Céard is airgead príobháideach ann?

Is airgead príobháideach é airgead a tugann banc ar iasacht duit agus é le feiceáil i do chuntas. Is airgead príobháideach iad luach do chuntas bainc agus coigiltis. Agus nuair a íocann tú le cárta nó ar líne, tá tú ag baint úsáid as airgead a chruthaigh do bhanc. Go deimhin, sa lá atá inniu ann, tá formhór na n-íocaíochtaí leictreonacha in airgead príobháideach.

An euro digiteach: droichead idir an dá thaobh

Sa lá atá inniu ann, níl teacht ag daoine ar airgead bainc cheannais i bhfoirm dhigiteach. Is é is aidhm againn iontaofacht airgead bainc ceannais agus áisiúlacht na n-íocaíochtaí digiteacha a chur le chéile. Chuirfeadh sin airgead poiblí i bhfoirm dhigiteach agus mar airgead tirim freisin ar fáil do dhaoine sa limistéar euro. Is é an bealach le sin a dhéanamh ná trí airgeadra digiteach bainc ceannais: an euro digiteach.

Gach leathanach sa rannóg seo